An Earagail, Machaire Rabhartaigh, Cloch Cheann Fhaola, Oileán Thoraigh, Siúl Sléibhe Thulach a' Bheaglaíoch
 

Coiste Pobal Gort a' Choirce

Cloich Cheann Fhaola stone

Teagmháil

Tá Oifig Coiste Pobal Ghort a’ Choirce anois i Halla na Paróiste, Gort a’ Choirce

Más mian leat teagmháil a dhéanamh leis an Coiste faoi rud ar bith, thig bualadh isteach ag Eimear i Halla na Paróiste nó scairt a chuir uirthi ag 074 91 65822 / 0861534378 nó seol ríomhphoist againn ag cpgortachoirce@hotmail.com


Coiste Pobail Ghort a’ Choirce i mBéal an Phobail

Halla na Paróiste

Halla na Paróiste

Tá an obair ar an togra seo chóir a bheith críochnaithe agus tá muid ag súil leis an halla bheith ar fáil den phobal ag tús na bliana seo chugainn. Cosnóidh an togra seo suas le milliún euro. Tá súil againn go mbainfidh an pobal úsáid as na háiseanna ar fad sa halla. Tá stáitse úr le córas soilse sa halla agus bheadh se go deas tús a chur le drámaíocht sa pharóiste arís!

Féile Ghort a’ Choirce 2009 - Bí Linn!
Beidh Féile Ghort a’ Choirce 2009 ar siúl ón 26ú –29ú Iúil

An tAth Seán O Gallchóir le buaiteoir an rása Dónal Mac Aoidh
Rinne scaifte mór freastal ar fhéile Ghort a’ Choirce a bhí ar siúl an deireadh seachtaine deireanach de mhí Iúil. Cuireadh tús bríomhar leis an fhéile le rás bóthair 5km agus rinne an banna ceoil áitiúil an scaifte a thionlacan go hOifig an Phoist agus chuir an tAth Seán Ó Gallchóir tús oifigiúil leis an fhéile. Cuireadh fáilte mhór roimh bhuaiteoirí an rása i dTeach a’ Cheoil agus bhain achan duine sult as an tae agus ceapairí fhad is bhí an tAth Seán ag bronnadh na nduaiseanna. Bhí damhsa mór na féile ar siúl in Óstán Loch Altan oíche Aoine áit ar fógraíodh buaiteoirí na ngairdíní agus an bhaile fearainn is glaine. Bhron Cordelia Ní Fhearraigh agus Mary Attenborough ó MEAS trofaí galánta ar Mháire Bn Uí Fhearraigh thar cheann mhuintir Fhána Bhuí. Tá moladh mór tuillte ag muintir an bhaile seo as chomh néata is a choinníonn siad an áit. Ar deireadh, ba mhaith le Coiste Fhéile Ghort a’ Choirce an deis seo a ghlacadh le buíochas a thabhairt dóibh seo a leanas as an tacaíocht a thug siad don fheile. Coiste Gairmoideachas ar shon an Ionad Aosaigh a thabhairt dúinn, Ionad Spóirt Thír na nÓg, Údarás na Gaeltachta, Noel Ó Dúgáin, Meitheal Forbartha na Gaeltachta, Siopa Mace Mc Clafferty, Siopa Mhic Iomhair, Bláthanna Rosie, Teach Ruairí, Teach Bhillí, Maggie Dans, Óstán Loch Altan..

Scealta Éile í Coiste Pobail Ghort a’ Choirce i mBéal an Phobail Magazine 2008

Torthaí Suirbhe Teanga Ghort a' Choirce